» 
 » 
Coinleach Glas An Fhmhair



Clannad - Coinleach Glas An Fhmhair - Текст песни

Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail.
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail.

Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.

Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn.
   
Другие материалы по этой песне:
  • Текст (слова)

https://primanota.net/clannad/coinleach-glas-an-fhmhair-lyrics.htm