Don oíche úd i mBeithil Beidh tagairt fé ghrian go brách. Don oíche úd i mBeithil Go dtáinig an Briathar slán Tá gríosghrua ar spéartha, 's an talamh 'na chlúdach bán. Féach Íosagán sa chléibhín, 's an Mhaighdean á dhúil le grá. Ar leacain lom an tsléibhe, Go nglacann na haoirí scáth, Nuair in oscailt gheal na spéire Tá teachtaire Dé ar fail : 'Céad glóir anois don Athair, i bhFlaitheasa thuas go hard . Is feasta fós ar talamh, D'fheara dea-mhéin, Síothcháin'.